Lasta Mara Teo, Unit 2, New Docks, Galway. H91 YTK2

Cairt Seirbhíse don Chustaiméir

“Táimid tiomanta do sheirbhís thráthúil, ghairmiúil agus ardchaighdeáin a sholáthar duit”

Níos mó ná 20 Bliain Seirbhíse

Bunaíodh Lasta Mara Teo. i 1999.  Soláthraíonn an comhlacht gach cineál seirbhíse iompair lastais chuig Oileáin Árann agus chuig na hoileáin ar fad ar chósta thiar na hÉireann.

Cairt Seirbhíse don Chustaiméir

Is é an aidhm atá againn ná seirbhísí d’ardchaighdeán a chur ar fáil dár gcustaiméirí ar fad. Leagann an chairt seirbhíse don chustaiméir síos na caighdeáin seirbhíse ar féidir leat bheith ag súil leo uainn. Ba mhaith linn a chinntiú go bhfaighidh tú an caighdeán seirbhíse is airde aon uair a dhéanann tú teagmháil linn.

Na Custaiméirí s’againne

Táimid tiomanta seirbhís thráthúil, ghairmiúil agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil duit. Is iad ár gcustaiméirí duine ar bith a dteastaíonn uathu earraí a iompar ar bhád. Is ar thrí oileán Árann is mó a ndéanaimid freastal orthu ach chomh maith leis sin iompraímid lastas chuig oileáin eile ar chósta thiar na hÉireann.

 

Tiomantas seirbhísí ar ardchaighdeán a chur ar fáil. Táimid tiomanta seirbhís thráthúil, ghairmiúil agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil duit:

  • Déileálfaimid leat go cúirtéiseach agus go tuisceanach.
  • Eolas cruinn a sholáthar chomh fada agus is eol dúinn i gcónaí.
  • Déileálfaimid go tapa agus go hinniúil le do chuid fiosrúchán.
  • Freagróimid do ghlaonna teileafóin go tapa agus cuirfidh muid glaoch ar ais laistigh de 24 uair an chloig nuair is féidir.
  • Freagróimid litreacha laistigh de 20 lá oibre.

Aisustaiméirí:

  • Fáiltíonn an comhlacht roimh aiseolas agus moltaí maidir le feabhas a chur ar sheirbhísí.
  • Aithnímid gur féidir le rudaí dul amú agus nach féidir linn iad a chur ina gceart ach amháin má tharraingítear ár n-aird orainn. Mar sin caithimid le gach gearán mar dheis chun ár seirbhís a fheabhsú.
  • Déanfaidh muid  iarracht déileáil le haon ghearán maidir leis an tseirbhís go neamhfhoirmeálta, go tapa agus leis an té is oiriúnaí.
  • Tá sé de cheart agat gearán foirmeálta a dhéanamh mura bhfuil tú sásta leis an tseirbhís a fhaigheann tú.
  • Fiosróimid do ghearán go hiomlán agus gheobhaidh tú freagra iomlán nó tuairisc ar dhul chun cinn i scríbhinn laistigh de 20 lá tar éis dúinn do ghearán a fháil.
  • Is féidir leat cóipeanna dár nós imeachta chun gearáin a dhéanamh agus foirmeacha a fháil ónár n-oifig.

Meicníocht chun éilimh i leith damáiste lasta a fháil agus a mheasúnú.

  • Tá córas rianaithe maith i bhfeidhm ag Lasta Mara Teo do gach lasta.
  • Déantar gach coinsíneacht lasta a fhaightear a thaifeadadh sa leabhar seachadta.
  • Feidhmíonn Lasta Mara Teo trí leabhar seachadta, ceann do gach oileán. Tugtar faoi deara cé atá ag seachadadh, cad é an coinsíneacht agus cé dó atá sé.
  • Ansin cuirtear lipéad dathchódaithe ar gach coinsíneacht a fhreagraíonn do gach oileán agus cuirtear ainm an duine a mbeidh an coinsíneacht chuige nó chuici ar an lipéad agus tá sé seo ceangailte leis an gcoinsíneacht lasta.
  • Má thugtar damáiste faoi deara ar theacht chuig an stóras dírítear aird an duine seachadta air.
  • Chaithfeadh an duine seachadta admháil a shíniú ag dearbhú é seo.
  • Má tá Lasta Mara Teo freagrach as caillteanas nó damáiste d’earraí custaiméirí déanfaidh Lasta Mara Teo é seo a athsholáthar nó cúiteamh a sholáthar ina leith.
  • Ba cheart éilimh maidir le damáiste lasta a dhéanamh go díreach chuig an oifig.
  • Déanfaidh ár mbainisteoir oifige an t-éileamh a fhiosrú agus athsholáthar nó cúiteamh a dhéanamh de réir mar is gá.

“Tiomantas do sholáthar seirbhísí ardchaighdeáin”

Scroll to Top